Stair

 Stair scoil Rann na Feirsde  

 Tá Scoil Náisiúnta Oilibhéir Pluincéid suite i Rann na Feirsde in iar-thuaisceart Thír Chonaill idir Gaoth Dobhair agus Gaoth na Brád.

Tógadh an scoil i 1956 ar láthair na sean-scoile a tógadh in 1893. Nuair a thit an rollúchán faoi 20 in 1969 druideadh an scoil agus có-nascadh í le Scoil Naomh Dubhaigh in Anagaire ag cur leis an pholasaí a bhí ag an Roinn Oideachas ag an am sin scoltacha beaga a dhruid.

Áth-osclaíodh an scoil arís áfach 1972 mar scoil thrí-oide agus mhéadaigh na huimhreacha chomh h-ard sin le filleadh teaghlaigh eisimirceach sna seachtóidí gurbh éigin forbairt a dhéanamh ar an fhoirgneamh in 1985 nuair a tógadh trí seomra ranga úra agus rinneadh seomra íl-ghnéitheach den t-sean scoil.

Tá an scoil mar chroí -lár na háite ó shin. Tá fás agus forbairt tagtha ar an scoil thar na blianta. Thugamar isteach an tumoideachas Gaeilge i 2012 le tacú le inniúlacht teanga na ndaltaí a bhí ag teacht isteach sa scoil ag an am sin. Rinneadh scoil dhigiteach den scoth dúinn in 2015 agus thugamar faoin turas d’aitheantas Gaeltachta in 2017. Táimid in éineacht le dhá scoil eile faoin tionscnamh Peace IV le ceithre bliana anuas. Leanann an scoil ar aghaidh ag tabhairt an chéad áit don Ghaeilge mar theanga na scoile agus is rud é a bhfuilimid an-bhródúil as. Bronnadh stádas DEIS ar an scoil ag tús na scoilbhliana 2022 agus trínár bPlean Deis déanfaimid ár ndícheall freastal ar riachtanais oideachasúla, mhothúchánacha agus spioradálta na bpáistí ar fad atá faoinár gcúram.

 
 stairphoto02  stairphoto01